Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Chuaigh Páidí amach leis an vean ag iompar siopa nuair a bhí sé aosta go leor. Cur síos ar a mháthair agus an obair / uaireanta a rinne sí sa tsiopa. | 00:04:28 | |
Measann Páidí gur siopa John Thimlín in Mín an Iolair an chéad siopa a chuaigh amach le veain, beithíoch agus vean. Tá sé den bharúil gur a athair an chéad duine a cheannaigh leoraí bheag. Le linn an chogaidh bhí a athair ag dul thart ag díol earraí le veain agus beithíoch. | 00:02:19 | |
Téann sé fríd liosta de na siopaí beaga a bhí i nGaoth Dobhair ó theach Andy Ward go barr Dhobhair agus Croithlí. Bhí gach rud le tomhais ag an am sin. Ba ghnách le Páidí a dhul amach le carr agus asal gach Aoine – síos Machaire Loisce le málaí mine choirce agus min bhuí agus araile. | 00:09:18 | |